Bunscoil an Chlocháir, Daingean

Ráiteas Misean

  • Is bunscoil Ghaeltachta, Chaitliceach í Bunscoil an Chlochair, An Daingean, faoi phatrúnacht Easpag Chaitliceach Chiarraí chun oideachas a thabhairt do leanaí as cheanntar an Daingin.
  • Tá sé mar dhualgas ar an scoil claoí le haidhmeanna agus prionsabail churaclam na bunscoile de réir athbhreithniú 1999.
  • Ceiliúrann an scoil sainiúlacht gach dalta trína bpearsanacht, intleacht agus a gcumas chun saothrú.
  • Tá sé mar aidhm ag an scoil an leanbh a chothú i ngach gné dá shaol spriodálta, morálta, cuimhneachas, tochtacht, samhlaíochta, aestiúciúl, soisialta agus fisiciúil.

 

Sé aidhm an churaclaim a chur ar chumas gach leanbh:

 

  • Saol iomlán a mhaireachtaint mar leanbh agus a gcumas a shroisint mar indibhidiúil sainiúil.
  • Forbairt a theacht air mar dhuine soisialta, trí mhaireachtaint agus comhoibriú le daoine eile agus oibriú ar mhaithe leis an sochaí.
  • Ullmhú le haghaidh a thuilleadh oideachais agus foghlama i rith a shaoil.
  • An leanbh a chaomhnú agus dúbhshlán a chur roimhe i dtimpeallacht scoile atá slán, sábhálta agus tarraingteach.
  • Glacann an scoil go bhfuil páirt riachtanach aici i saol an pharóiste agus i bpáirtíocht le tuismitheoirí agus an Eaglais glacann sí cúram uirthi féin an leanbh a chothú sa chreideamh Caitliceach trí oideachas sa Chreideamh Caitliceach a thabhairt dó agus é a ullmhú do na Sacraimintí.
  • Tabharfaidh an scoil áird chomh maith ar leanaí ó chreidimh eile agus cothóidh sí gach dalta le meas a bheith aige ar gach creideamh.
  • Caithfidh tuismitheoirí a thuiscint áfach gur scoil Chaitliceach, Gaeltachta an scoil agus ná fuil oiliúint ar fáil i n-aon chreideamh eile ach an creideamh Caitliceach agus go múintear gach abhar ach amháin an Creideamh trí mheán na Gaeilge.
  • Tá sé mar aidhm ag Bunscoil an Chlochair a bheith fáilteach, omósach agus oibleagáideach do gach cine, cultúr, inscne, creideamh agus ábaltacht.
  • Déanfaimíd ár ndícheall sa scoil seo grá don oideachas a chothú i ngach leanbh ionas go leanfaidh said orthu ag foghlaim le linn a saoil.
  • Déanfaimíd ár ndicheall chomh maith meas agus omós a chothú ‘sna daltaí, meas orthu féin, ar a gcomhleacaithe, agus ar an bpobal uile.